Saturday 24 May 2014

Síoda Móna/Bog Silk @ Conamara Bog Week 2014



Síoda Móna / Bog Silk

le Seán Ó Flaithearta


Ionad: Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe
Venue: The Visitor Centre, Connemara National Park, Letterfrack, Co. Galway

6-20 Meitheamh 2014 / 6-20 June 2014

Tuilleadh eolais/For further information:
Conamara Bog Week 2014                                                           
Síoda Móna/Bog Silk



Saturday 5 April 2014

Síoda Móna/Bog Silk



Norman Villa Gallery, 28 Bóthar na Trá Íochtarach, Gaillimh 8 -26 Aibreán 2014

Tuilleadh eolais 091-521131 nó ar leathanach Facebook Norman Villa Gallery



Norman Villa Gallery, 28 Lower Salthill, Galway 8-26 April 2014

Further information: 091-521131 or see the Norman Villa Gallery Facebook page








Mairfidh Síoda Móna go dtí Dé Sathairn, 26 Aibreán 2014 i nGailearaí Norman Villa, Bóthar na Trá, Gaillimh. Fáilte roimh chách.


Síoda Móna/Bog Silk continues in Norman Villa Gallery until Saturday, April 26th 2014. All welcome.



Imeacht de chuid na féile litríochta Cúirt / This is a Cúirt festival of literature event.

Saturday 26 November 2011

'Nótaí Ciúnais' - Ó Ríordáin


TAISPEÁNTAS NUA : 8 Nollaig 2011 - 8 Eanáir 2012

Portráid de Sheán Ó Ríordáin agus líníochtaí bunaithe ar dhánta
an Ríordánaigh a choimisiúnaigh Cló Iar-Chonnacht
don leabhar nua Seán Ó Ríordáin - Na Dánta a bhfuil réamhrá curtha leis ag an Ollamh Seán Ó Coileáin.

Áras Uí Rathaille
Coláiste na hOllscoile Corcaigh

EXHIBITION OF NEW WORKS : 8 December 2011 - 8 January 2012

Portrait of poet Seán Ó Ríordáin and illustrations based on Seán Ó Ríordáin's
poetry commissioned by Cló Iar-Chonnacht for publication in Seán Ó Ríordáin - Na Dánta, the collected poems of Seán Ó Ríordáin, with an introduction by Professor Seán Ó Coileáin.

Áras Uí Rathaille
University College Cork


Seolfaidh Louis de Paor Seán Ó Ríordáin - Na Dánta agus an taispeántas in Áras Uí Rathaille ag 5pm Déardaoin, 8 Nollaig 2011. Fáilte roimh chách.

Tuilleadh eolais/Further information: www.cic.ie 091-593307

Tuesday 6 September 2011

TALAMH DÓITE / FIRED GROUND




TAISPEÁNTAS ÚR / NEW EXHIBITION - Seán Ó Flaithearta

Áislann Ghaoth Dobhair, An Screabán

1 Iúil 2011 – 31 Deireadh Fómhair 2011
1 July 2011 – 31 October 2011

www.angailearai.com

Talamh Dóite / Fired Ground

Má théann tú ag siúl ar an bportach san earrach feicfidh tú agus mothóidh tú plandaí agus bláthanna ag fás, agus cloisfidh tú ceiliúr na n-éan sa scrobarnach faoi do chosa agus go hard os do chionn. Nuair a chuirtear lasóg na creiche leis an talamh lena dhó bíonn an portach ina thost; ciúnas i ndiaidh anfa. Ní bhíonn fágtha ach an tírdhreach dúloiscthe, gan a éide fód. Bíonn cruth an talaimh le feiceáil, tarnocht faoi chlóca uaigneach dúchiúnais. Bíonn an saol ina stad.

Bíonn teacht ar earraí agus ar shlite maireachtála a bhí faoi cheilt le cúpla glúin siar, nochtar claíocha cuibhreann, aiséiríonn smionagar tithe as patrúin dhubha na dtrinsí iompaithe, bachtaí móna a gearradh agus a baineadh le sleán anaithnid. Gréithe cistine a úsáideadh le líon tí a chothú, i bhfad siar, caite le taobh gréithe eile nach bhfuil ann ach le seal. Nochtar seanrothair high nelly, ag meabhrú dúinn gurbh é an capall iarainn a rialaigh rithim an tsaoil tráth.

Fágann an coirloscadh gan éifeacht seo páirc áir mar a mbíodh tírdhreach docheansaithe, aithris mhaoithneach ar shean-nósanna feirmeoireachta leis an talamh a ghlanadh. Faightear léargas sa slad gan chéill ar an tírdhreach ar chumas foréigin an duine agus ar an mí-úsáid a bhaineann sé as an gcumhacht a mhothaíonn sé atá aige. Is gníomh cogaidh é an chré a dhó. Beatha a ruaigeadh, gortghlanadh ar neacha beo.

Déantar machnamh sa taispeántas seo ar an ngaol atá againn leis an timpeallacht agus an méid a bheimis sásta a dhéanamh le cead ár gcinn a fháil. Dírítear sa saothar ar a mbíonn fágtha i ndiaidh an áir. Bíonn an tírdhreach apacailipteach mar a bheadh scáthán ann ar ár nádúr daonna.

Baineadh úsáid as amhábhair as an bportach féin, mar théama agus mar mheán ar féidir lámh a leagan air, i bpróiseas cruthaithe na saothar seo le freagra níos pearsanta a thabhairt ar an gcaoi a gcuirtear talamh ar thine.

Tuilleadh eolais: seanoflaithearta@eircom.net

Monday 18 January 2010

'Go bhfeicfidh tú dán' - Ó Direáin



'Go bhfeicfidh tú dán' - Ó Direáin
['So you may see a poem' - Ó Direáin]

Taispeántas nua le Seán Ó Flaithearta
Exhibition of new works by Seán Ó Flaithearta



Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Sráid Doimnic, Gaillimh
Galway Arts Centre,Dominick Street, Galway

27 Eanáir - 6 Feabhra 2010
27 January - 6 February 2010

Spléachadh pearsanta ar shaothar an Árannaigh Máirtín Ó Direáin (1910-1988) atá á nochtadh sa tsraith líníochtaí seo ag a chomh-ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta, sraith ina n-athdhúisítear na dánta faoi chló comhaimseartha. Tá portráidí den Direánach sa taispeántas chomh maith. Rinneadh coimisiúnú ar na léaráidí do mhórchnuasach nua de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin, Na Dánta, atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht mar chuid den cheiliúradh céad bliain ó rugadh é.

This series of specially-commissioned intimate drawings by Aran artist, Seán Ó Flaithearta, is a contemporary response to the lifetime work of fellow Inis Mór artist, poet Máirtín Ó Direáin (1910-1988). The exhibition also features portraits of the poet. The images were commissioned for inclusion in Na Dánta, the new collected poems of Máirtín Ó Direáin, published by Cló Iar-Chonnacht as part of the centenary celebration of the birth of the poet.

Tuilleadh eolais / For further information: seanoflaithearta@eircom.net

http://www.galwayartscentre.ie/events/view-event/127/
http://www.advertiser.ie/galway/article/21145/

Sunday 21 June 2009

Dúch/Liv/Encre
















Ionad Tionsclaíoch Chasla
Casla
Conamara
Co. na Gaillimhe

13 Iúil - 21 Iúil 2009

Festival Interceltique de Lorient
An Bhriotáin/Breizh

1 - 10 Lúnasa / 1 - 10 August 2009


For further information or to receive a catalogue: seanoflaithearta@eircom.net


Dúch/Liv/Encre


Is taispeántas meán measctha é Dúch/Liv/Encre leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta. Tá péintéireachtaí ollmhóra agus líníochtaí sa taispeántas, mar aon le suiteáil ealaíne ar an urlár, ‘Geansaí Iascaire’, geansaí mór Árannach atá déanta as faochain. Chomh maith leis sin beidh ‘Bia na mBocht’ ar taispeáint, fís-scannán gearr ina n-úsáidtear taifeadadh caointeoireachta a rinneadh in Árainn sna 1950í. Úsáideann an t-ealaíontóir meirg, ceilp, dóib, gaineamh, tarra agus luaith ina shaothar, mar aon le gnáthábhair ealaíne. Tá taispeántas seo an Fhlaitheartaigh bunaithe ar thaighde antraipeolaíoch faoi ghineolaíocht mhuintir Árann.

Déanann Ó Flaithearta agus Dúch/Liv/Encre iarracht tochailt faoi dhromchla an radhairc tíre chun teacht ar dhomhan folaithe na scéalaíochta, na comharthaíochta agus an mhínithe.

Beidh Dúch/Liv Encre ag taisteal go Féile Lorient na Briotáine i mbliana.

Tuilleadh eolais: seanoflaithearta@eircom.net

Friday 20 March 2009

An Taispeántas is Deireanaí / Latest Exhibition






Scoilt leis an gCnámh
(Split along the Bone)


21 Bealtaine - 6 Meitheamh 2009
21 May - 6 June 2009

Norman Villa Gallery
Lower Salthill
Galway City

http://www.normanvillagallery.com

info@normanvillagallery.com